Entertainment

Smaoinigh Misfits le casadh Éireannach: Gach rud is gá duit ar an eolas faoi Eipic

Chuile eolais a theastaíonn uait faoi na Misfits, aka an grúpa dána le cumhacht ollmhór, a cailleadh i stoirm agus a fuair i ndroch thrioblóid arís agus arís eile, beidh siad ar TG4 go gairid. Ár ndoigh tá a fhios againn go raibh siad as a meabhair! Bhí, ach bhí siad iontach mar sin fhéin. Éacht fiú a dhéanamh acu, doimhin ach greannmhar, smaointe á mbualadh ó gach chaon taobh.

 

Má tá suim "Misfit" i do chroí na bíodh eagla ort!! Tá an reiteach againn díot.

 

Thóg TG4 an fear éirimiúil taobh thiar do , Mike O'Leary agus chuir siad é ag scríobh drama nua "Epic" agus is feidir "Epic" a thabhairt air. Seo eolas faoin drama nua "Eipic".

Tarlaíonn suíomh an scéil, i noifig an phoist, folamh faoin tuath.

Advertisement

'Sé an príomh scéal grúpa deagoirí nach raibh bainteach le aon ghrupa eile, ag teacht le chéile ag iarraidh reabhlóid ceoil a thosnú ach níl aon áit acu bualadh le chéile ach oifig an phoist folamh faoin tuath. Céard faoi sin.......

B'fhéidir go drama ceoil é, achcinnte ní hé seo "Glee."

Smaoinigh ar an dtaispeántas nua aimsearach seo, leagan Gaelach do na hamhráin ,cosúil leis na Smiths, Frankly Mr. Shankly, FKA Twigs "Video Girl agus The Jams"Town called Malice" gan ach cúpla ceann a rá. Cad é and torann sin? Sin, mo chos ag cnagadh.

Tarlaíonn sé ag an am céanna le ceiliuradh 1916.

Bhí rudaí go han difriúil thiar ag tús an chéad, agus is suimiúil deagoirí na haoise seo a chur i gcomparáid le deagoirí 1916.Trioblóidí grá agus iad ag iarraidh troid ,aon bhealach a mbéidir leo. D'athraigh siad an scéal agus an suíomh ach tá na smaoilte bunúsacha mar an gcéanna. 100 bliain ar aghaidh agus tá daoine chomh trína chéile is a bhi siad ariamh. Cinnte, tá sé sin ceart.

Ag coinneal leis an téarma seo, tá fear ann cosúil le Michéal Ó Coilléain.

Advertisement

Tá sé tráthúil nach bhfuil ! Ní cheapann muid go bhfuil. Is cara le Scully é, atá ar line agus cuireann sé ialach orthu a naislingí a leanacht agus foireann deagoirí cosúil leo fhéin a chuir trina chéile .Tá sé thar cionn, á spréagadh ar aghaidh.

Díríonn an drama ar laoch, i mbaile beag iargúlta faoin tuath.

Athraíonn rudaí sa saol ar iompú na boise. Ach fanann rudaí eile mar a cheile ar feadh na cianta.Ag fás suas, i náit éigin beag plúchta faoin tuath, cuireann sé iontas ar dhaoine, nuair a dhéantar tú rud eigin taobh amuigh den ghnáth.Nuair a dhéanann na deagoirí iarracht briseadh amach taobh amuigh den teorainn, is nádúrtha an rud é go bhuil frithsheasmhacht faoi. Níor stop sé seo iad.

Tá cúpla LOL caite isteach freisin. 

Fíu go bhfuil go leor smaointe dorcha agus gníomhachtaí ar  fuid na háite, tá go leor greann ann freisin. Céard a dhearaí, faoi chúigiúr deagoirí, gan taithí, ag iarraidh a bheith cailiúil, i noifig an phoist folamh, amuigh faoin tuath, le aislingí móra. Oideas do ghreann doimhne má chuala mé ceann ariamh.

Advertisement

Ach tá teachtaireacht níos doimhne ann freisin.

Sea, tá ceol, gáire, gearcháint agus chuile short eile le fáil sa dráma ach an rud is tabhachtaí atá le fáil ann, ná teachtaireacht dhochais do dhéagoirí, inspreagadh agus troid i naghaidh an diabhal, ag usáid ceol.Tá mé féin spréagtha faoi  láthair, ag an gcuimhneamh seo.

Deireann na scriobhneoirí go mba cheart a bheith ag súil le "Go leor gnéas, drugaí agus rock 'n' roll- as Gaeilge."

Tá siad ag tabhairt gnéas isteach sa teanga gaelach.Níl tú ag súil leis go hiondúil, ó dhráma tuaithe inár teanga dhúchais, ach cinnte, tá Eipic ag briseadh na gcríoch.

 

Níl na scríbhneoirí ag súil le scéal lag, le deagoiri lag-ghlórach a thabhairt chun cinn.Níl ,ní bheidh an dalla mullóg ar na deagóirí agus beidh sé are súil deirneach san oíche- Má thuigeann tú mé!

Advertisement

Deirtear go mbeidh sé cosúil le Drama Teilifíse a scríofach Flann O'Brien taréis EP.

Agus muna dtugann sé sin pictiúir glan duit faoin gcinéal dráma é seo ní thabharfaidh tada. Beidh Éireann faoin tuath an-simiúil go deo.

Tugtar "The Commitments for millennials" air freisin.

Tá an scéal and na fréamhacha an chosúil le chéile agus tá easca a fheicéal conas a déantar comparáid eatharthu.Fiú go bhfuil an scéal mar an gcéanna, athráionn an meán sóisialta chuile rud. Is mian leis na scríbhneoirí a thaispéaint go bhuil cnámharlach an scéal mar an gcéanna.

Ba cheart go mbeadh sceitimíní ort chun "Eipic" a fheicéal.....

Suigh síos, luigh siar agus bíodh deoch agat agus smaoinigh ar an deacracht a bhíonn ag deagoirí ag cuardach aitheantas. Ní bheidh sé sin ró dheacair, mar níl sé ach bliain nó dhó ó shin, i do shaol fhéin.

 

Féach ar TG4 ón 4ú lá de Fheabhra agus fáigh réidh don "Eipic". Breathnaigh ar suíomh TG4 chun tuilleamh eolais a fhail agus chun féachaint ar na eipeasóid ar an idirlíon.

CollegeTimes Staff
Article written by
We bring you the good times. If YOU’D like to be part of the CT team and write for one of the fastest growing student websites in the world, then email us: info@collegetimes.com

You may also like

Facebook messenger